top of page

Ár Scéal

Tháinig coincheap an Able Table aníos nuair a bhí Esther – máthair an Stiúrthóra Caríosa Sullivan, ar cúntóir riachtanas speisialta agus teiripeoir ealaíne í le hos cionn 15 bliana anuas – ar thóir boird a chuimseodh gach duine ina seomra ranga, ar an ábhar go raibh formhór na ndaltaí i gcathaoireacha rothaí móra mótair agus nach raibh siad in ann suí le chéile mar ghrúpa le linn amanna béile agus le linn gníomhaíochtaí.

Tar éis cuardach a dhéanamh ar líne le haghaidh bord grúpa a bhí inrochtana ag cathaoireacha rothaí, thug sí faoi deara go sciobtha nach raibh aon rud feiliúnach ar an margadh, mar sin d’iarr Esther ar a páirtí, Martin Finucane, ar Stiúrthóir é anois, ceann a dhéanamh di. Tar éis míonna a chaitheamh ag obair ar dhearadh, bhí an chéad Able Table déanta againn.

Agus ceathrar úsáideoirí cathaoireacha rothaí in ann suí ag an Able Table chomh maith le ceathrar ball foirne cúraim nó piaraí, rinneadh an saol níos éasca do na húsáideoirí seirbhíse agus dá gcúramóirí. Ar deireadh bhí a rang uile in ann idirghníomhú le chéile mar chuid de ghrúpa. Ó thaobh a fheidhmithe de, tá an bord deartha sa chaoi go n-éascófaí go mór an obair atá i gceist le cúram a thabhairt le hinrochtaineacht agus compord.

Ní hamháin go dtugann an Able Table cumhacht don úsáideoir, cuimsiú atá ann den déanamh is bunúsaí.

bottom of page